Animals, WTF

WATCH: A bat flies into a house in Kerry and it’s hilarious

WATCH: A bat flies into a house in Kerry and it’s hilarious

An unsuspecting bat flew in through the back door of a Kerry house and chaos broke out. 

The bat is seen flying around the house while Tadhg Fleming catches the drama of his father trying to capture it on video.

It had a happy ending as the bat was eventually let out through the door.

 

Gaeilge | Irish language, GleoBeo Sport

29 bliain ag fannacht chun fáilte a chur roimh Corn Mhic Cárthaigh agus laochra na Gaillimhe

 

Tháinig na mílte daoine ó gach cearn den chontae chun fáilte a chur roimh a gcuid laochra. Tar éis dóibh stopadh i mBaile an Átha an Slua , thug siadaghaidh chuig Staid na Piarsaigh i mBóthar na Trá, áit a raibh an cheiliúradh faoi lán seol.

Gaeilge | Irish language

Féach anois ar Ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2017

Tá Gearrlista Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2017 fógartha.

oire.jpg

San INEC i gCill Airne, Co.  Chiarraí, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017 a bheidh fhios againn na torthaí. RnaG i mbarr an líosta le 10 gcinn d’ainmniúcháin.

10 ainmniúcháin faighte ag Radio na Gaeltachta

4 ainmniúcháin faighte ag TG4

3 ainmniúcháin faighte ag Tuairisc

3 ainmniúcháin faighte ag Tuairisc BBC Thuaisceart Éireann

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Is Eolaí Mé – TG4
  • I Lár an Aonaigh – BBC Thuaisceart Éireann
  • Ar an Aer – Sibéal Teo
  • Imeall – Redshoe Productions
  • An Klondike – Abú Media

CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Éire Fhiáin – Crossing the Line Productions
  • Eithne – Idir Dhá Shaol – Stirling Film & Television Productions
  • Gradaim Cheoil TG4 2017 – Redshoe Productions

CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Páidí Ó Lionáird – 7 Lá: TG4
  • Dara Ó Cinnéide – Seó Spóirt: TG4
  • Tristan Rosenstock – Imeall: TG4
  • Máire Bhreathnach – I Lár an Aonaigh: BBC Thuaisceart Éireann
  • Eoin Warner – Éire Fhiáin: TG4

AISTEOIR NA BLIANA

  • Dara Ó Dubháin – Séamus Connolly: An Klondike
  • Macdara Ó Fátharta – Tadhg Ó Díreáin: Ros na Rún
  • Seán T. Ó Meallaigh – Pádraig Connolly: Klondike
  • Brídín Ní Mhaoldomhnaigh – Katy Daly: Ros na Rún

CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA 

  • Iris Aniar – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Cóisir Cheoil – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Ar Seachrán – Raidió Fáilte
  • An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Blas – BBC Raidió Uladh
  • Cormac @ 5 – RTÉ Raidió na Gaeltachta

CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

  • Máirín Ní Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Cormac Ó hEadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Jo Ní Chéide – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Brian Mullen – BBC Thuaisceart Éireann
  • Bláthnaid Ní Chofaigh – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Sinéad Ní Uallacháin – RTÉ Raidió na Gaeltachta

IRISEOIR / COLÚNAÍ NA BLIANA

  • Póilín Ní Chiaráin – Tuairisc.ie
  • Méabh Ní Thuathaláin – Nós.ie
  • Pól Ó Muirí – The Irish Times
  • Maitiú Ó Coimín – Tuairisc.ie

LÁITHREÁN GREASÁIN NA BLIANA

RÉALTA ÓG NA BLIANA

  • Caitlín Nic Aoidh – TG4
  • Aindriú de Paor – Raidió na Life
  • Caoimhe Ní Chathail – Raidió Fáilte/ Raidió na Gaeltachta/TG4/Meon Eile
  • Art Parkinson – Game of Thrones, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2017
  • Siún Ní Dhuinn – Blagálaí, RTÉ, Iriseoir
  • Seán Ó Baoill – Ros na Rún, Meon Eile
  • Sláine Ní Chathalláin – RTÉ Raidió na Gaeltachta
GleoBeo Sport

Top 3 Waterford and Galway hurling songs 2017. Which one will be on Up for the Match?

Which one will be on Up For The Match!!

Image result for waterford v Galway fans

Is there anything better to get the blood flowing in the lead up to an All Ireland Final than a fan composed song?  As Galway prepare to take on Waterford this Sunday the fans will have their pick of songs to listen to on their journey to Croker.

Here are the top 3 Galway songs for this year.

Number 1

Number 2

Number 3

 

Here are the top 3 Waterford songs for this year.

Number 1

Number 2

Number 3

Which one will you be playing?

Gaeilge | Irish language

An 10 Sheanfhocail Ghaeilge is fearr?

10.An rud is annamh, is iontach.

9. Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

8. Is maith an scáthán súil charad.

7. Moladh luath agus cáineadh mall.

6. Bíonn blas ar an mbeagán.

5. Is binn béal ina thost.

4. Is fearr an tsláinte ná an táinte.

3. Tagann cruatan i ndiaidh an chaite.

2. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.

1. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.

Gaeilge | Irish language

Sceideal an Fhómhair TG4 2017 Seolta

Nascadh, Nuascéalaíocht agus Neart Siamsaíochta.  Clársceideal an Fhómhair TG4 seolta i nGaillimh tráthnóna inniu.

Ag súil go mór le bheith ag féachaint ar an t-ábhar seo.  Breathnaíonn sé iontach!!

 

Ar na nithe is tarraingtí sa sceideal, tá drámaíocht nua-léirithe den scoth agus beidh na saothair nua ón scéim Cine4; sraitheanna faisnéise a thugann léargas nuálach ar ghnéithe folaithe de shaol reatha na hÉireann; sraitheanna agus láracha a thugann scéalta chun solais ón am atá caite, scoth an cheoil ón tír seo agus ó na náisiúin Cheilteacha eile, rogha iontach ábhair do dhaoine óga, spórt nach bhfaightear ar aon chainéal eile agus seirbhís nuachta éagsúil, géarchúiseach a thuigeann an pobal ar a bhfuil sí ag freastal.
Fíorasach: Sraitheanna agus cláracha aonair ar phearsain agus ar ghluaiseachtaí
suntasacha – ról CLG i gCúige Uladh, feachtas pobail Gaeltachta in aghaidh
neamhshuim na n-údarás, cuntas Spáinnigh ar a chuid eachtraí in Éirinn cheithre
chéad bliain ó shin agus éachtaí mná as Corcaigh a tharrtháil na céadta ón mbás
le linn na cogaíochta sa Spáinn agus sa bhFrainc 80 bliain ó shin.
Grace Harte: Dráma nua, trí pháirt, ó pheann Antoine Uí Fhlatharta, suite in
óstán ar an gcósta thiar. Ní mórán paisin atá fágtha sa gcaidreamh ag lánúin atá
i bhfeighil óstáin saoire agus tá an tóin ag titim as a ngnó freisin. Ach nuair a
thagann fear óg dathúil an bealach, tagann cor nua foréigneach sa scéal.
Níos mó na Cluiche: Scéal CLG Chúige Uladh á ríomh ón taobh istigh ag Jarlath
Burns. Ainneoin deacrachtaí móra polaitiúla agus eile, is léir gur bhláthaigh an
cumann agus gur fíoraíodh aisling na mbunaitheoirí, ní gan dua.
Gléasta chun Féasta: Ní furast do bhean feisteas oiriúnach a fháil do lá mór
ina saol. Tugann an tsraith seo, á láithriú ag Bláthnaid Treacy, cúnamh do
bhean gach seachtain, más cúnamh é. Cruthaítear trí fheisteas an-éagsúil go
speisialta di – ach níl cead aici ach ceann amháin a roghnú!
Celtic Connections: Scoth an cheoil ó na hoirifidigh is fearr ó na hoileáin seo –
agus níos faide ó bhaile agus iad bailithe le chéile i nGlaschú don fhéile mhór
Gheimhridh seo, á chur i láthair ag Dónal O’Connor.
Oireachtas na Samhna: An clúdach is fairsinge fós as Cill Airne, idir
bheochraoladh teilifíse agus Sheinnteora, ar imeachtaí ag Oireachtas na Samhna
2017. Beidh comórtais amhránaíochta agus damhsa sean-nóis ar fáil, Nuacht TG4
trí oíche den fhéile agus Lár Stáitse, an clár nua beo do scoth na n-iomaitheoirí
ardáin.
An Ríl Deal: An tóraíocht bhliantúil ar an rinceoir Gaelach is fearr sa tír. Tá turas
go Broadway ar fáil don bhuaiteoir agus seans dul chun cinn ansin.
Laochra Gael: Séasúr eile de chuimhní cinn agus ómós do mhór-imreoirí peile agus
iomána ón am atá caite. Cláracha an séasúr seo ar Henry Shefflin (Cill Chainnigh),
Lar Corbett (Tiobraid Árann), Aisling Thompson (Corcaigh), Mickey Harte (Tír
Eoghain) agus Graham Geraghty (An Mhí).
GAA Beo: Beochraoladh eisiach gach deireadh seachtaine ar Chluichí Ceannais
na hÉireann, Mionúir, Faoi 21, Craobhacha TG4 i bPeil na mBan, Cluichí Ceannais
Contae, Craobh Club AIB agus Sraitheanna Náisiúnta Allianz.
Daoine Óga: Cúla4 na nÓg – an zón laethúil do pháistí réamhscoile ag am
bricfeasta. San iarnóin Cúla4 ina bhfuil sraitheanna cartúin, drámaíochta agus eile,
ina measc na sraitheanna nua-léirithe Gaeilge Whiz sa Chistin, Is Eolaí Mé, agus
Na Dúlradóirí.
Rugbaí Beo: Beochraoladh eisiach ar chluichí sa gcomórtas nua sraithe an
Guinness Pro 14 agus buaicphointí ar gach lá imeartha ó Chorn na gCuradh agus
ón gCorn Dúshláin.
Nuacht TG4: Súil ar leith ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna. Déantar
clúdach ar leith ó chósta an iarthair, ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge
ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Is í an duais-chraoltóir Eimear Ní Chonaola
an t-ancaire.
Opry Dhoire: Réaltaí móra an cheoil tíre in Éirinn i mbun coirme. Beidh an rí féin,
Daniel O’Donnell ag cabhrú leo arís i mbliana agus amhránaithe Gaeilge ag
canadh ar an ardán leis na réaltaí ceol tíre.
Éire sna Nuachtscannáin: Roimh theacht na teilifíse, b’iad na nuachtscannáin an
t-aon fhoinse do nuacht ar scáileáin a bhí ag an lucht féachana in Éirinn. Is trí
shúile na n-eachtrannach is minice a taifeadadh iad seo – agus léiríonn an tsraith
seo go raibh súil eile de chineál eile acu-san ar mhuintir na tíre seo agus ar a
gcultúr.
Junior Eurovision: Arís agus Éire náirithe le blianta beaga sa gcomórtas sinsear,
tá TG4 ag cur chun páirce den dara bliain as a chéile sa gcomórtas sóisear
féachaint le hamhrán nua-chumtha Gaeilge a roghnú le go rachaidh an buaiteoir
chuig an gCraobh Eorpach a chraolfar beo as Poblacht na Seoirse.

 

 

GleoBeo Sport

Imelda May ag canadh Amhrán na bhFiann riomh troid McGregor

 

Ba í Imelda May a chan Amhrán na bhFiann roimh chomórtas dornálaíochta Conor McGregor agus Floyd Mayweather.
Ba ag an nóiméad déanach a fuair sí an glaoch chun amhrán náisiúnta na hÉireann a chanadh.
Dúirt Dana White, go ndearna sé iarracht Bono a fháil ach bhí sé chun a bheith ag bainis an deireadh seachtaine seo.

 

Gaeilge | Irish language

Díospóireacht faoin nGaeilge nó fiod-mhagaidh faoin nGaeilge ?

Bhí díospóireacht faoin nGaeilge air TV3 ach bhí go leor fiod-mhagaidh agus ‘fake news’ maidir le figiúirí.

Chuir Ivan Yeats tús leis an chomhrá ag rá gur chun plé a dhéanamh ar fáil réidh leis an nGaeilge a bhi an diospóireacht, cé gur faoi an Ghaeilge a bheith ina ábhar riachtanach sa chóras oideachais a bhí sé i ndáirire.  Is cinnte gur ar thóir conspóid a bhí sé ón tús.

Cé go raibh Matt Cooper ag cur ceisteanna cneasta bhí gleo ón pobal féachanna ar na méan shóisialta ag tabhairt amach faoi cuid a bhí le rá. Ar nós

‘I’ll let the cultural terrorists get on with it agus Radio na Gaeltachta is another Turkey that no one listens to.’

https://twitter.com/orlaithnic/status/1009204407563702272

 

 

Gaeilge | Irish language

Comhpháirtíocht nua idir TG4 agus JTV ón gCóiré Theas

Tá TG4 agus an comhlacht teilifíse Jeonju Television (JTV) ón gCóiré Theas le Meamram Tuisceana a shíniú lena mbunófar caidreamh leanúnach idir Éire agus an Chóiré Theas i dtaobh léiriúchán a fhorbairt.

 http://www.kca.kr/open_content/en/index.jsp

Faoin socrú nua, tá sé i gceist cláir agus ábhar den scoth a mhalartú, ábhar cruthaitheach a chomhléiriú, tacú le hiarrachtaí margaíochta agus forbairt a dhéanamh ar acmhainní daonna sa dá thír.

Tá ionadaithe ó JTV agus an KCA i gConamara faoi láthair. 

Tá a mhacasamhail de Mheamram i bhfeidhm idir JTV & S4C na Breataine Bige le roinnt blianta agus an-rath air.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont:

‘Cuireann an Meamram Tuisceana seo leis an straitéis atá ag TG4 chun an tionscal cruthaitheach in Éirinn a fhorbairt. Tá sé fíor-thábhachtach do TG4 go mbeadh fás agus forbairt á dhéanamh ar an earnáil léiriúchán neamhspleách, go háirithe sna réigiúin.

‘Tá fócas faoi leith ag TG4 ar chláir agus ar sheirbhísí a choimisiúnú ó chuideachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge. Tá cuid mhaith acu seo lonnaithe sna réigiúin agus sna ceantair Ghaeltachta ach go háirithe.

‘Coinníonn maoiniú TG4 na céadta daoine fostaithe san earnáil léiriúchán neamhspleách agus cuideoidh an Meamram Tuisceana leis an bhfostaíocht sin a bhuanú agus a neartú.

‘Cuid thábhachtach eile den straitéis atá ag TG4 ná cur le hidirnáisiúnú na gcomhlachtaí neamhspleácha agus is céim dhearfach eile chun cinn sa treo sin an Meamram Tuisceana seo.

Beidh muid ag súil go mór le meascán an dá theanga a bheith ar an scáileáin go luath.

Gaeilge | Irish language

An 1 Iúil 2018 an spriocdháta do chomórtais liteartha an Oireachtais

An 1 Iúil 2018 an spriocdháta do chomórtais liteartha an Oireachtais. Seo nasc le le liosta suíomheanna idirlíne chun cúnamh  a thabhairt dhuit scéal a scríobh taobh istigh do achar gearr.

  1. https://portraidi.ie/ga/

Cnuasach portráidí de scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge atá anseo. Gan dabht tabharfaidh sé spreagadh dhuit dul i mbun pinn.

  1. https://nanowrimo.org/nano-prep#resources

An ‘National Novel Writing Month’ tá go leor cabhair agus eolas anseo maidir le úrscéal a scríobh taobh istigh do 30 lá.

  1. https://www.wikihow.com/Write-a-Novel-in-30-Days

Má bhí tú ag ceapadh nach raibh a dhóthain am agat, féach ar seo le cén chaoi úrscéal a scríobh céim ar chéim.

  1. https://www.nownovel.com/blog/common-novel-writing-tips-caution/

Roinnt leideanna anseo chun cinntiú nach gcailfidh tú misneach.

  1. https://thewritepractice.com/how-to-write-a-short-story/

Féach ar an nasc seo chun gearrscéal a scríobh taobh istigh do dhá lá.

Ní chóir go mbeadh aon leithscéal agat tar héis féachaint ar na suíomheanna idirlíne sin.

Is féidir d’iarratas a dhéanamh ar líne ag www.antoireachtas.ie nó cóip den fhoirm iarratais a fháil ó Oifig an Oireachtais agus í a sheoladh chuig: Comórtais Liteartha an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Is é an spriocdháta iontrála ná 1 Iúil 2018. 

Le haghaidh tuilleadh eolais:
http://www.antoireachtas.ie/comortais-liteartha/

Gaeilge | Irish language

Daniel O Donnell mar aoi speisialta Ros na Rún

Níl rún Ros na Rún na Rún na rún níos mó.

 

Is cinnte ón méid gleo atá ar na meáin shóisialta go bhfuil go leor daoine ag súil le aisteoireacht Daniel a fhéicéail.

Entertainment | Siamsaíocht

Rí na gceoltóirí tíre Tom ‘Mór’ McBride ar shlí na fírinne

Thug muintir an amhránaí as Muineachán, le fios tríd na méan shóisialta go bhfuair sé bás go suaimhneach maidin Dé Máirt 17ú do Aibreáin. 

Tá lucht leanta an cheoil tíre faoi scamaill bhróin.

 

Gaeilge | Irish language, GleoBeo Sport

As Gaeilge a labhair Bundee Aki agus é ag ceiliúradh an ‘Grand Slam’

As Gaeilge a labhair Aki san ‘huddle’ agus é ag ceiliúradh an ‘Grand Slam’

Bhí conspóid ann faoi na rialacha a cheadaíonn d’imreoirí nach de bhunadh na hÉireann iad imirt don fhoireann náisiúnta rugbaí.

Ach Dúirt Aki

‘I can’t control what people say. Their opinion is their opinion. I just control how I play, and how I perform on the field. That’s the only thing I need to do – impress the coaches and impress the players around me.’

bunde2

Ach is cinnte tar héis an bua stairiúil a bhí ag Éireann agus Aki ag labhairt Gaeilge nach mbeidh aon chonspóid faoi é a bheith ag imirt níos mó.

 

Gaeilge | Irish language

11 Rud faoi Ainmneacha Gaelacha | 11 Things only people with Irish names will understand

  1. Litríonn daoine ar na meáin shóisialta d’ainm mí cheart fiú amháin nuair atá sé scriobhtha ós a gcóir. People on social media continuously spell your name wrong even when it’s right in front of them. gif ar son de
  2. Iarrann daoine as Éirinn an eachtrannach thú. Irish People actually ask you if you are a foreigner

Gif Dáiríre Píre

3. Agus tú ag tabhairt d’ainm, litríonn tú é i ngan fhíos dhuit fhéin é .When giving your name, you just automatically spell it out of habit.

sAOIRSE

4.  Tá tú sona sáste i ndáiríre nuair a fhuaimníonn strainséir d’ainm i gceart. It actually makes your day when a stranger pronounces your name correctly.

Gif Sin é.gif

5.      Iarrann daoine arís agus arís eile cén fáth a thug do thuismitheoirí “an t-ainm sin ort”. You repeatedly get asked why your parents gave you “that name.”

Gif Céard is féidir a rá

6.      Tá 95% de do phost litrithe mícheart. Literally 95% of your post is spelled wrong.

giphy post

7.      Bíonn ort doiciméid oifigiúla a athchóipeáil nó a athdhéanamh toisc go bhfuil do ainm litrithe mícheart.You’ve had to redo, reapply or resubmitt official documents because your name is spelled wrong.

Gip Páipéarachas

8.       Glacann tú cúram breise chun ainmneacha daoine a fháil i gceart agus tógann tú go pearsanta é nuair nach ndéanann daoine eile an rud céanna. You take extra care to spell people’s names right and take it personally when others do not.

Uair amháin eile

9.  Cuireann daoine an cheist ‘ an bhfuil do ainm litrigh i gceart agat?’.People actually question if you have misspelled your own name.

Ní THUIIGIM GLEO

10.   Thug tú suas a bheith ag cheartú daoine, ach coinníonn tú liosta reatha agus déanann tú an rud céanna leo.You have given up correcting people, but you keep a running list and misspell their name at the next opportunity.

An Lámh in Uachtar

11.  Ní ainmneoidh tú do chuid leanaí, madraí, iasc nó teidí aon rud aisteach ar nós Britney, Shakira, Nathan ná Kyle is fearr leat Fionn, Saoirse, Cian nó Orfhlaith litrigh O.R.F.H.L.A.I.T.H 

You will never name your children, dogs, fish or stuffed animals anything like Britney, Shakira, Nathan or Kyle You perfer the likes of Fionn, Saoirse, Cian or Orfhlaith spelled O.R.F.H.L.A.I.T.H.

 

Gaeilge | Irish language, GleoBeo Sport

Séasúr nua Laochra Gael, ina measc tá Henry Shefflin agus Mickey Harte

The definitive GAA sports series returns to TG4.  Filleann an tsraith shuntasach CLG seo ar TG4 san Earrach le leagan amach nua uair a’ chloig. Beidh cúigear pearsa CLG faoi chaibidil, daoine go mbeadh clár uaire de dhíth chun cothrom na féinne a thabhairt dá scéalta pearsanta, lán d’eachtraí corraitheacha.  Is fíor-laochra iad uilig agus a gcáil imithe rompu. Sa tsraith seo, áfach, gheobhfar léargas iomlán agus pearsanta orthu agus faoina ngaol lena spórt agus leis an saol mórthimpeall orthu. Insíonn an scéal spóirt na bun fíricí a bhí riamh i gceist i gcláracha Laochra Gael síos tríd na blianta, ach téann an tsraith nua seo píosa maith thar na línte bána. Meallfaidh na scéalta pearsanta an lucht féachana ar thuras nua agus ar chlúdach nua teilifíse CLG.

Seo h-iad na Laochra

Lar Corbett

Lar Corbett

 

D’fhág Lar Corbett cuid dena heachtraí ba mhó, ab fhearr, agus ba cháiliúla riamh inár gcuimhní ar an iomáint chomh-aimseartha. Sa spórt agus ina shaol pearsanta, áfach, faigheann agus fuair daoine é dodhéanta tuiscint a fháil air. Iománaí iomráiteach, scéalaí cumasach agus fiontraí ann féin, cíoraíonn an chéad chlár sa tsraith an enigma thar a bheith siamsúil sin, Lar Corbett.

 

Graham Geraghty

Fear lán le talann, fear as féin, fear dathúil agus fear teasaí anois agus arís, ba mhinic a bhí Graham Geraghty le feiceáil sna meáin thablóideacha sna 1990daí agus ag tús an chéid. Ó pheileadóir conspóideach agus iontach, go hoibrí sóisialta a bhíonn ag cuidiú le glúin óg caoi a chuir ar a saoil – tá aistear Graham – a bhí thuas seal agus thíos seal – lán d’eachtraí agus de scéalta suimiúla.

Ashling Thompson 

All Star Camógaíochta, captaen buacach Uile Éirinn agus duine de dhíreach ceathrar lúthchleasaí Éireannach atá urraithe ag Red Bull, mainicín, abhcóide sláinte intinne agus grá geal na meán – ach bhí tráth ann gur fhéach todhchaí Ashling Thompson chomh dona sin nárbh ann do chor ar bith. Leanann an clár seo coimhlint epiceach Ashling go barr na camógaíochta – í ag teacht slán ar fhíor dhroch ghortú fisiciúil agus ar an dúlagar a chuir as go mór di.

Henry Shefflin 

Bhí printíseacht mhall ag Henry Shefflin ach sheas sí leis, anois go ndeir go leor go mba é an t-iománaí ab fhearr riamh – deich mbonn Uile Éireann- níos mó ná éinne eile – agus scata mór gradaim Allstar. Ach lasmuigh dá chuid éachtaí ar na páirceanna imeartha, bhí níos mó i gceist le Henry agus tugann an clár seo léargas ar dhaonnocht dhraoi na hiomána.

Mickey Harte mickey-harte

Bunaitheoir na peile comhaimsearthaí, deirtear, ré stairiúil mar dhuine dena bainisteoirí peile ab éifeachtaí, saol pearsanta buailte ag tragóidí agus ag dúnmharú uafásach a iníne. Dhein Mickey Harte a rud féin, le corr chonspóid, ach níl aon laghdú tagtha ar a phaisean ná ar a spiorad don saol agus don gCLG.

Laochra Gael TG4 9.30 i.n. gach Céadaoin ó 28ú Feabhra 2018

Uncategorized

Dolores O’Riordan tar éis bháis

Tá príomhamhránaí sa ghrúpa The Cranberries Dolores O’Riordan tar éis bháis go tobann i Londain. Bhí sí 46 bliain d’aois.