Entertainment | Siamsaíocht, Gaeilge | Irish language

TG4 ag ceiliúradh 21 bliain: Seo 21 éacht atá bainte amach acu. Cuid 2, Féach ar Uimhir 10 go 1!!

Seo an dara cuid  féach ar an liosta uaidh 21 go dtí 11 anseo

Seo an ‘Top Ten’

  1. ‘Generation TG4’ #GlúinTG4

‘Generation TG4’ Gach duine a rugadh ó 1996 ar aghaidh. Beidh cuid acu 21 bliana d’aois freisin agus buíochas do TG4 níl ach dearca dearfach acu ar an dteanga.  Tá na argóintí diúltach imithe.  Anois is seod luachmhar a chóir a chosaint atá sa nGaeilge.  Nil aon slat tomhais ar thuairim an phobal níos fearr ná iompar ná bpolaiteoirí.  Rinne an Taoiseach Leo Varadkar cúrsa chun feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.  Anois táim cinnte go bhfuil grá aige don teanga ach bí cinnte go bhfuil tuiscint aige go bhfuil an pobal i bhfabhar an teanga, agus leath shúil aige ar vótaí.

  1. Teanga Idirnáisiúnta

Tá an domhain mór curtha ar an eolas go bhfuil a leithid do theanga ann.  Níl orainn ach féachaint ar ‘Caitlin Eile’ an prank a chuaigh ar fud an domhain.  Agus an BBC fhéin ag caint faoi mar ‘Irish language station TG Four Weather Girl goes viral’  Tá clár ar nós Ros na Rún ar fáil go Domhanda, dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a chloisteáil.

dulingo 2.png

  1. Meon Réigiúnda

Bhí caint go leor faoi forbairt a dhéanamh sna réigiún agus níl sampla níos fearr dhó seo ná TG4.  Ba éacht gur i mBaile na hAbhainn i gCo na Gaillimhe a lonnú TG4.  Bheadh meoin agus dearca difriúil ag an stáisiún dá mba rud é gur i mBaile Átha Cliath i measc na stáisiúin eile a bheadh sé.  Ní amháin ó thaobh fostaíocht ach ó thaobh dearca freisin.  Is minic scéalta réigiúnda air nach mbeadh go deo ar stáisiúin eile

  1. Cré na Cille

Tá sé ráite gur í seo an leabhar is fearr i litríocht na Gaeilge.  Ba éacht faoi leith é a chur ar an scáileáin.  Ach bhí tábhacht níos mó leis seo ná aon scéal eile.  Ba mór an éacht an leabhar a scríobh. Éacht éile é a chur ar stáitse.  Ach gan TG4 ní bheadh sé ar an scáileáin.

  1. Cartlann

Is fiú ann TG4 muna mbeadh dada eile déanta acu an méid ábhar cultúrtha agus na laochra mór i  saol na Gaeilge atá curtha ar scáileáin acu.  Tá go leor seoid idir ceol, damhsa agus sean nós ar fís nach féidir luach a chur orthu.  Físeanna eile luachmhar do Laochra atá imigh ar shlí na fírinne ar nós Johnny Chóil Mhaidhic, Caitlín Maude agus neart eile.

Caitlin maude.jpg

  1. An GAA

Sé GAA BEO a fhaigheann na figiúirí is mó féachana agus a chur Gaeilge isteach i ngach teach sa tír.  Tá an craoladh ar chaighean den chéad scoth agus beag a cheap nuair a rinne siad an chéad chluiche club beo i 1996 go mbeadh siad anois ar an stáisiún is tábhachtaí maidir le craoladh GAA sa tír.  Ní féidir GAA Beo a luath gan Micheál Ó Domhnaill, MacDara Mac Donncha agus Brian Tyres a luath.  Is iad a nglór atá aitheanta anois le Craobh na gClub agus an t-Sraith.

  1. Neamhspleách

Ní amháin gur éirigh leo dul neamhspleách ach bhí agus tá neamhspleáchas san DNA acu.  Bhí neart ag ceapadh nuair a thosaigh siad gur RnaG ar an teilifís a bheadh ann.  Ach a mhalairt a tharla.  Bhí siad ar thóir tallann nua agus bhí an nuálaíocht i lár a gcuid oibre.  Tá an neamhspleáchas nó an dearca neamhspleách fós lárnach.  Tá siad de thiar ag athrú agus ag baint úsáid as modhanna nua le freastal a dhéanamh ar an lucht féachana.  Is éacht mór gur choinne siad an meoin seo beo thar 21 bliain.

  1. TV3 agus RTE

Cén chaoi gur éacht é seo? Tá lorg fágtha ag TG4 ar na meáin san tír seo.  Ní bheadh aon TV3 ann gan TG4.  Bhí ar TG4 go leor a dhéanamh ar bheagán airgead agus bhain TV3 úsáid as cleachtais oibre a bhí forbartha ag TG4 chun an luach is mó a bhaint as gach pingin.  Ní amháin sin ach siad foireann TG4 a bhí lárnach ag cur an stáisiún ar aer.  Ni amháin iriseoirí ach daoine cruthaíocht a bhí taobh thiar don cheamara chomh maith.

Bhí ar RTE tosú ag athrú chomh luath agus a tháinig TG4 ar aer.  Chonaic an Rialtas cé chomh éifeachtach agus a bhí TG4 agus chur siad iallach ar RTE cleachtais nua a chur i bhfeidhm, rud atá fós ar bun acu.

Is cinnte go mbeadh RTE i náit i bhfad níos measa inniu murach gur spreag TG4 iad chun athrú agus gan iarr fhostaí TG4 ní bheadh TV3 ábalta feidhmiú chomh éifeachtach sna chéad bhlianta.

  1. Ceol Traidisiúnta

Cé go bhfuil ceist maidir le luach cultúrtha uimhir 14 Ceol Tíre.  Cén fáth nach mbeadh? clár ar bith a chuireann duine as Tiobraid Árann ag canadh ‘Karaoke’ i gcanúint Meiriceánach faoi Oíche Dé Sathairn i Louisiana.  Ach sin ráite, níl aon cheist faoi an éacht atá bainte amach ag TG4 i leith an cheoil traidisiúnta.  Tá an t-uafás déanta acu uaidh dul isteach sna tithe tábhairne le Geantraí go dtí ócáid mar An Gradam Ceol agus Fleadh TV.  Go deimhin cheap muid nach raibh siad ábalta aon rud eile a dhéanamh don cheol traidisiúnta, ach ansin chuala muid go bhfuil siad tar héis cainéil Nua ceol Traidisiúnta ‘Trad TG4’ a thosaigh le gairid ar YouTube.  An bhfuil aon eagraíocht ag déanamh níos mo don cheol traidisiúnta na TG4?

  1. Féin mhuinín

Tá dhá am ann, ríomh TG4 agus tar héis TG4.  Thar 21 bliain tá fein mhuinín tugtha ag an stáisiún do na Gael.  An féin mhuinín dóibh siúd a bhí náireach nó drogallach a dteanga dhúchais a labhairt nó breis múininn dóibh siúd a bhí ag troid agus a chuaigh go príosúin chun go mbeadh a leithid ann.  Thar rud ar bith atá déanta ag an stáisiún, seo hé an éacht is mó; éacht theibí nach féidir a mhíniú i gceart muna raibh tú ar an tairseach idir an tam roimh agus tar héis TG4.

Do cuid do na daoine, tharla sé ar an chéad oíche leis an oscailt spleodrach.  Do chuid eile, tháinig sé níos moille.

Do #glúintg4 a d’fhás aníos le Hiúdaí is deacair a creidiúint go mbeadh dearca mar seo ann ar chorr ar bith, ach bhí.  Cén fáth go raibh dearca mar seo ann?  Do bharr na blianta ag caithfidh anuas ar an dteanga.   Ag ceiliúradh 20 bliain an stáisiún, thaispeáin siad píosa leis an aisteoir Gaeilge is fearr a bhí againn i riamh Bríd Ní Neachtain.    An focal déanach ón píosa sin ná ‘Ní ghéille mise, Sí mo theanga í’ bhí sé ar nós gur TG4 a bhí ag caint.  Le 21 bliain níor ghéill an stáisiún agus mar chainteoirí Gaeilge, níl crann taca níos láidir againn.

Lá breithe sona, tá muid ag súil go mór leis an chéad 21 bliain eile.

 

Entertainment | Siamsaíocht, Gaeilge | Irish language

TG4 ag ceiliúradh 21 bliain: Seo 21 éacht atá bainte amach acu. Céard a bheidh ag Uimhir 1?

TG4 ag ceiliúradh 21 bliain: Seo 21 éacht atá bainte amach acu. Céard a bheidh ag Uimhir 1?

Oíche Shamhna 31 Deireadh Fómhair 2017 beidh TG4 21.

Tá údar ceiliúradh ag TG4 as an méid atá bainte amach acu le 21 bliain.  Táim cinnte go mbeadh muid ábalta liosta do 21 botún atá déanta acu a chur le chéile chomh maith.  Cé a dhéanadh dearmad ar Kaislean Klaus?   Ach fágtha muid é sin go dtí lá eile.

Ag tosú le uimhir 21ú éacht.

  1. Gaelú na meáin

Siad na meáin físe is mó a bhfuil tionchar agus cumhacht acu sa tír seo.  Tá TG4 tar héis na meáin seo a Gaelú.  Ós comhair agus taobh thiar don cheamara.   Uaidh Eoghan McDermottDáithí Ó SéGráinne Seoige srl.  B’fhéidir gur ag Uimhir a hAon a cheart an éacht sé seo a bheith?  Mar tá tionchar damanta aige seo ar an dearca atá ag Éireannaigh ar an nGaeilge.  B’fhéidir nach gcloiseann muid ach cúpla focal uaidh na daoine seo, ach tagann sé trasna go nádúrtha agus paiseanta ar cainéil a mbíodh an Ghaeilge i mbosca beag sa gcúinne tráth don saol.

  1. FostaíochtCORP AGUS ANAM

Tá sé an éasca dearmad a dhéanamh ar an méid fostaíocht atá cruthaithe ag TG4.  Tá tábhacht ar leith leis an bhfostaíocht ardscile seo a thugann deis do dhaoine le Gaeilge oibriú go laethúil san dteanga sin.

  1. Teilifís Gaeilge

michael D better

Éacht go bhfuil teilifís Gaeilge ann ar chorr ar bith.  Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Uachtarán na hÉireann Michael D. agus an chéad cheannasaí Cathal Goan, an fear a thóg ceannas ar an togra mór seo a thabhairt chun críocha.

  1. Steip

Steip_2012Is éacht é seo a bheadh ar gach líosta.  Bhí damhsa ar an sean nós Ag Dul ar gCúl nó go dtáinig TG4.  Cuimhníonn mé ar an bpointe go díreach nuair a thuig mé gur shábháil an stáisiún an damhsa seo.  Tá sé deich mbliana ó shín.  Bhí mé ag féachaint ar fógra le TG4 ag tabhairt le fios go raibh STEIP ar siúl.  Ach d’úsáid siad ceol nua aimseartha leis na Killers ‘Are we Humans or are we Dancers’.  Bhí gach steip in am leis an gceoil.  Bhí mé i gcomhluadar nach raibh aon suim acu san damhsa seo agus bhí siad ar aon intinn go mbeidh orthu breathnú air.  D’oscail siad doras do ghlúin nua chun féachaint ar seo agus anois tá sé ag fás thar cuimsitheach.  Ba é seo an chéad uair a bhí ceol mar sin curtha le damhsa ar an sean nós.  Is minic an cleas seo úsáidte ag stáisiún eile ó shin.

  1. Peil na mBan

Ar nós Steip, thug siad ardán dhó seo agus chur siad margaíocht cliste taobh thiar dhó.  Agus i mbliana bhí 46,000 duine ag féachaint air i bPáirc an Chorcaigh agus leath mhilliún ag féachaint ar an teilifís.  Gan dabht tá áit toillte ag Peil na mBan sna 21 éacht atá bainte amach ag TG4.

  1. Drámaíocht

Ní gá dada a raibh faoi an dráma cliste le Niall Mac Eachmharcaigh agus Sean McGinley, C.U. Burn.  Tá sé fhéin agus Father Ted ar an greann teilifíse is fearr a dearnú ríomh sa tír seo.  Ach lena chois sin, chur TG4 aisteoirí den chead scoth ar nós MacDara Ó Flatharta, Diarmaid Mac an Adhastar  in aithne do phobal níos linne agus thug siad glúin nua tríd ar nós Dara Ó Dubhain.  Thug siad tús áite don Drámaíocht ón tús, leis an Scannán Draíocht ó Gabriel Byrne i 1996.  Anois tá scéim Cine4 ar bun acu chun beocht nua a thabhairt do drámaíocht i nGaeilge.

  1. Na Cailíní Aimsire

Tá liosta fada láithreoirí a chur an aimsir ós ár gcomhair.  Agus go deimhin tá níos mó scríofa ag na páipéir náisiúnta faoi na cailíní gaelach seo, ná aon ní eile atá déanta ag TG4.  Agus ná dearmad na fir aimsire.

14. Ceol Tíre

Tá borrtha tagtha faoi seo le blianta beaga anuas. Tá baint mhór ag gluaiseacht an radio áitiúil ar nós ‘MidWest’ agus ‘Northern Sound’ leis an borrtha seo.  Ach bhí TG4 ann ag an tús chomh maith.  Cé go raibh ceol tire béarla le stíl Meiriceánach acu tráth don saoil, d’athraigh siad é sin thar na mblianta chuig stíl Éireannach agus na réalta seo a chur ag canadh i nGaeilge mar a fheiceann muid le Opry an Iúir agus Catriona Ní Cheannbháin ar Glór Tíre.  Rud é seo a thugann luach cultúrtha dhó agus b’fhéidir lucht féachana eile breabadh acu.

13. Uimhir an Mí-ádh 13

sideline

Cén chaoi gur féidir le mí-ádh a bheith ina héacht.  Bhuel bhí an mí-ádh ar an stáisiún nach bhfuair siad a ndóthain airgead.  Agus dá bharr sin bhí orthu a bheith glic.  Nil stáisiún sa tír a úsáideann gach phingin chomh héifeachtach le TG4.  Níl pá mór do láithreoirí mar RTE.  Bhí ar TG4 theacht suas le cleachtais éagsúil a bhí saor do bharr easpa airgead.  Mar shampla an GAA ar an taobhlíne.  Ba gnáth cleachtais studio mór a úsáid le spóirt.  Ach tá an cleachtais taobhlíne seo anois dhá dhéanamh ag go leor stáisiún.  Tá teacht suas le bealaí cruthaíocht chun theacht thimpeall ar bhuiséad beag, anois aitheanta mar cheann do láidreachtaí an stáisiún.

  1. An Ghaeilge san gnáth shaoil

6715081825_a9f94c214e_bBhí dearca ann gur rud acadúil, dáiríre a bhí san nGaeilge.  Cé go raibh an Ghaeilge sna meáin roimh TG4, ba é seo an chéad uair a bhí an fuinneamh agus spraoi atá ag baint le na Gael ós comhair an phobal.  Uaidh clár ar nós Cleamhnas, Paisean Faisean, Nello go dtí Jedward ar Junior Eurovision.  Phléasc TG4 ar an aer agus rinne siad smidiríní don dearca seo agus fuair siad réidh le daoine ag caint faoi Peig agus ina áit, chur siad daoine ag caint faoi éadach, grá agus rudaí seafóideacha gan aon chiall.  Bhí an comhrá faoin nGaeilge anois faoi an saol mar atá ní mar a bhí.

  1. Gaelscoileanna 

An cearc nó an ubh.  Bhí fás TG4 agus Gaelscoileanna lámh i lámh.  Bhí cainteoirí nua, líofa ar fáil do TG4 agus bhí tuismitheoirí ag feiceáil daoine le Gaeilge ar an teilifís.  Thaispeáin sé seo dóibh go raibh buntáiste le Gaeilge a bheith ag a gclann.  Bhí Gaelscoileanna ann roimh TG4.  Buíochas don díon obair a rinne tuismitheoirí agus múinteoirí.  An mbeadh an fás atá air mar atá gan TG4?

Beidh an 10 éacht is mó dhá roinnt againn ar breith Lá TG4 ar an 31ú Samhain.

Céard a bheidh ag Uimhir 1? 

Ar éigin atá muid ábalta fanacht go dtí sin chun sibh a chur ar an eolas. Má tá tuairim agat faoi céard a chóir a bheith san ‘Top Ten’ cur ar an eolas muid.

Gaeilge | Irish language

Burger King ag díriú ar Bhulaíocht

Cuimhnigh: Tá rudaí ar féidir leat a dhéanamh faoi bhulaíocht. Is é an rud is tábhachtaí ná é a insint do dhuine éigin a bhfuil muinín agat ann.

Is é an bulaíocht ná mí-úsáid leanúnach duine eile trí mheáin fhisiciúil nó mheabhrach. Chun rudaí a dhéanamh níos measa is minic a dhéantar an chéasadh seo i láthair daoine eile. Tá sé deacair an tuirseach a mhothaíonn an t-íospartach a thuiscint mura ndearnadh bulaíocht ort riamh. Má tharlaíonn sé thar thréimhse fhada, beidh tionchar tubaisteach agat ar do shláinte mheabhrach.

Tá go leo cineálacha bulaíochta ann.  Ach cad is féidir a dhéanamh?

Má fheiceann tú ag tarlú é seas suas.  Bí mar cuid don 12% atá sásta seasamh suas don duine nach bhfuil in ann.

Más tú fhéin atá i gceist?
– Bí dearfach. Abair leis an duine stop a chur leis an bulaíocht i glór ciúin, údarasach agus soiléir.

  • ‘Laugh it off.’  B’fhéidir nach bhfaighidh tú bulaíocht greannmhar ach mura bhfuil an bulaí ag smaoineamh go bhfuil sé ag déanamh difear duit ansin d’fhéadfadh siad bulaíocht a chur ort.
  • Abair le duine fásta é. Inis do thuismitheoir nó do mhúinteoir cad atá ag tarlú ionas gur féidir leo a chinntiú nach dtarlaíonn sé arís.

Ní dhéantar bulaíocht ar gach duine ach meastar go mbíonn thart ar 30% de dhaoine óga ag fualúint dá bharr ag am  éigin.

Tá an píosa fís le ‘Burger King’ ag tabhairt eolas dúinn ar fad céard ba chóir dúinn a dhéanamh má fheiceann muid é.

Gaeilge | Irish language

Buiséad 2018: Na príomhphointí do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta

€62.595 milliún ar fad a bheas ar fáil do ghnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán an bhliain seo chugainn.  Sin €2.5 milliún breise atá ar fáil ag an tAire Stáit Joe McHugh agus é chun e a roinnt suas mar a leannas

  • €1.4 milliún breise chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga
  • €400,000 de mhaoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta
  • €687,000 breise do scéimeanna tacaíochta teanga lasmuigh den Ghaeltacht

Cé gur ardú atá i gceist ní gach duine a bhí sásta

“Dúirt Dr Niall Comer go bhfuil an Rialtas i ndiaidh an 87 grúpa a d’aontaigh a ligean síos.”

Gaeilge | Irish language

TG4 ar thóir breis maoiniú; Threaslaigh Teachtaí Dála leo as an eacht atá bainte amach acu.

Bhí Alan Esslemont, Pádhraic Ó Ciardha Leascheannasaí TG4, agus Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha TG4, ós cóir an ‘Joint Committee’ An Ghaeilge, An Ghaeltacht agus na hOileáin

Iad ag labhairt faoi na dúshlán a bhaineann le Craoltóireacht in Éiinn trí mhean na Gaeilge agus na dualgais atá ar TG4 faoin reachtaíocht agus Soláthar fotheidil agus foscríbhinní as Gaeilge agus as Béarla.

Gaeilge | Irish language, GleoBeo Sport

Bhí twitter lán de ghleo faoi Óraid Rena Buckley, seo na tvuíteanna is fearr

Féach ar an óraid iontach uaidh Rena Buckley.

Camóige 2017

Peil

Seo cuid do na  tvuíteanna is fearr.

Tá an moladh ar fad tuillte aici.

Entertainment | Siamsaíocht, Gaeilge | Irish language

Scannán Gaeilge TG4 ‘Song of Granite’ roghnaithe chun a bheith san iomaíocht do na Gradaim Oscar.

Tá Pat Collins (stiúrthóir an scannán) agus TG4 sásta leis an nuacht go bhfuil an scannán faoi Joe Éinniú, amhránaí sean-nós as Connemara chun a bheith san iomaíocht do na Gradaim Oscar.  Ba é Pól Ó Ceannabháin a ghlac páirt Joe ina fhear óg sa scannán.

Seo an líosta do na scannáin nach bhfuil aon bhearla iontú a bheidh le gearradh siar riomh an óiche mhór ar 4ú Márta.  Beidh comórtas mór ann ach is eacht dul chomh fada seo.

Scannáin

  • Azerbaijan – Pomegranate Orchard – Ilgar Najaf
  • Belgium – Racer And The Jailbird (Le Fidèle) – Michaël R Roskam
  • Bosnia and Herzegovina – Men Don’t Cry – Alena Drljevića
  • Croatia – Quit Staring At My Plate – Hana Jušić
  • Dominican Republic – Woodpeckers – José Maria Cabral
  • Finland – Tom Of Finland – Dome Karukoski
  • Georgia – Scary Mother – Ana Urushadze
  • Germany – In The Fade – Fatih Akin
  • Hungary – On Body And Soul – Ildikó Enyedi
  • Iraq – The Dark Wind – Hussein Hussan
  • Ireland – Song Of Granite – Pat Collins
  • Latvia – The Chronicles Of Melanie – Viestur Kairish
  • Nepal – Seto Surya (White Sun) – Deepak Rauniyar
  • Norway – Thelma – Joachim Trier
  • Palestine – Wajib – Annemarie Jacir
  • Serbia – Requiem For Mrs J – Bojan Vuletić
  • South Korea – A Taxi Driver – Jang Hoon
  • Sweden – The Square – Ruben Östlund
  • Switzerland – The Divine Order – Petra Volpe
  • Thailand – By The Time It Gets Dark – Anocha Suwichakornpong
  • Turkey – Ayla: The Daughter of War – Ca Ulkay
Gaeilge | Irish language, GleoBeo Sport

29 bliain ag fannacht chun fáilte a chur roimh Corn Mhic Cárthaigh agus laochra na Gaillimhe

 

Tháinig na mílte daoine ó gach cearn den chontae chun fáilte a chur roimh a gcuid laochra. Tar éis dóibh stopadh i mBaile an Átha an Slua , thug siadaghaidh chuig Staid na Piarsaigh i mBóthar na Trá, áit a raibh an cheiliúradh faoi lán seol.

Gaeilge | Irish language

Féach anois ar Ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2017

Tá Gearrlista Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2017 fógartha.

oire.jpg

San INEC i gCill Airne, Co.  Chiarraí, Dé Céadaoin, 1 Samhain 2017 a bheidh fhios againn na torthaí. RnaG i mbarr an líosta le 10 gcinn d’ainmniúcháin.

10 ainmniúcháin faighte ag Radio na Gaeltachta

4 ainmniúcháin faighte ag TG4

3 ainmniúcháin faighte ag Tuairisc

3 ainmniúcháin faighte ag Tuairisc BBC Thuaisceart Éireann

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Is Eolaí Mé – TG4
  • I Lár an Aonaigh – BBC Thuaisceart Éireann
  • Ar an Aer – Sibéal Teo
  • Imeall – Redshoe Productions
  • An Klondike – Abú Media

CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Éire Fhiáin – Crossing the Line Productions
  • Eithne – Idir Dhá Shaol – Stirling Film & Television Productions
  • Gradaim Cheoil TG4 2017 – Redshoe Productions

CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Páidí Ó Lionáird – 7 Lá: TG4
  • Dara Ó Cinnéide – Seó Spóirt: TG4
  • Tristan Rosenstock – Imeall: TG4
  • Máire Bhreathnach – I Lár an Aonaigh: BBC Thuaisceart Éireann
  • Eoin Warner – Éire Fhiáin: TG4

AISTEOIR NA BLIANA

  • Dara Ó Dubháin – Séamus Connolly: An Klondike
  • Macdara Ó Fátharta – Tadhg Ó Díreáin: Ros na Rún
  • Seán T. Ó Meallaigh – Pádraig Connolly: Klondike
  • Brídín Ní Mhaoldomhnaigh – Katy Daly: Ros na Rún

CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA 

  • Iris Aniar – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Cóisir Cheoil – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Ar Seachrán – Raidió Fáilte
  • An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Blas – BBC Raidió Uladh
  • Cormac @ 5 – RTÉ Raidió na Gaeltachta

CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

  • Máirín Ní Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Cormac Ó hEadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Jo Ní Chéide – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Brian Mullen – BBC Thuaisceart Éireann
  • Bláthnaid Ní Chofaigh – RTÉ Raidió na Gaeltachta
  • Sinéad Ní Uallacháin – RTÉ Raidió na Gaeltachta

IRISEOIR / COLÚNAÍ NA BLIANA

  • Póilín Ní Chiaráin – Tuairisc.ie
  • Méabh Ní Thuathaláin – Nós.ie
  • Pól Ó Muirí – The Irish Times
  • Maitiú Ó Coimín – Tuairisc.ie

LÁITHREÁN GREASÁIN NA BLIANA

RÉALTA ÓG NA BLIANA

  • Caitlín Nic Aoidh – TG4
  • Aindriú de Paor – Raidió na Life
  • Caoimhe Ní Chathail – Raidió Fáilte/ Raidió na Gaeltachta/TG4/Meon Eile
  • Art Parkinson – Game of Thrones, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2017
  • Siún Ní Dhuinn – Blagálaí, RTÉ, Iriseoir
  • Seán Ó Baoill – Ros na Rún, Meon Eile
  • Sláine Ní Chathalláin – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Gaeilge | Irish language

An 10 Sheanfhocail Ghaeilge is fearr?

10.An rud is annamh, is iontach.

9. Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

8. Is maith an scáthán súil charad.

7. Moladh luath agus cáineadh mall.

6. Bíonn blas ar an mbeagán.

5. Is binn béal ina thost.

4. Is fearr an tsláinte ná an táinte.

3. Tagann cruatan i ndiaidh an chaite.

2. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn.

1. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.