Gaeilge | Irish language, GleoBeo Sport

Séasúr nua Laochra Gael, ina measc tá Henry Shefflin agus Mickey Harte

The definitive GAA sports series returns to TG4.  Filleann an tsraith shuntasach CLG seo ar TG4 san Earrach le leagan amach nua uair a’ chloig. Beidh cúigear pearsa CLG faoi chaibidil, daoine go mbeadh clár uaire de dhíth chun cothrom na féinne a thabhairt dá scéalta pearsanta, lán d’eachtraí corraitheacha.  Is fíor-laochra iad uilig agus a gcáil imithe rompu. Sa tsraith seo, áfach, gheobhfar léargas iomlán agus pearsanta orthu agus faoina ngaol lena spórt agus leis an saol mórthimpeall orthu. Insíonn an scéal spóirt na bun fíricí a bhí riamh i gceist i gcláracha Laochra Gael síos tríd na blianta, ach téann an tsraith nua seo píosa maith thar na línte bána. Meallfaidh na scéalta pearsanta an lucht féachana ar thuras nua agus ar chlúdach nua teilifíse CLG.

Seo h-iad na Laochra

Lar Corbett

Lar Corbett

 

D’fhág Lar Corbett cuid dena heachtraí ba mhó, ab fhearr, agus ba cháiliúla riamh inár gcuimhní ar an iomáint chomh-aimseartha. Sa spórt agus ina shaol pearsanta, áfach, faigheann agus fuair daoine é dodhéanta tuiscint a fháil air. Iománaí iomráiteach, scéalaí cumasach agus fiontraí ann féin, cíoraíonn an chéad chlár sa tsraith an enigma thar a bheith siamsúil sin, Lar Corbett.

 

Graham Geraghty

Fear lán le talann, fear as féin, fear dathúil agus fear teasaí anois agus arís, ba mhinic a bhí Graham Geraghty le feiceáil sna meáin thablóideacha sna 1990daí agus ag tús an chéid. Ó pheileadóir conspóideach agus iontach, go hoibrí sóisialta a bhíonn ag cuidiú le glúin óg caoi a chuir ar a saoil – tá aistear Graham – a bhí thuas seal agus thíos seal – lán d’eachtraí agus de scéalta suimiúla.

Ashling Thompson 

All Star Camógaíochta, captaen buacach Uile Éirinn agus duine de dhíreach ceathrar lúthchleasaí Éireannach atá urraithe ag Red Bull, mainicín, abhcóide sláinte intinne agus grá geal na meán – ach bhí tráth ann gur fhéach todhchaí Ashling Thompson chomh dona sin nárbh ann do chor ar bith. Leanann an clár seo coimhlint epiceach Ashling go barr na camógaíochta – í ag teacht slán ar fhíor dhroch ghortú fisiciúil agus ar an dúlagar a chuir as go mór di.

Henry Shefflin 

Bhí printíseacht mhall ag Henry Shefflin ach sheas sí leis, anois go ndeir go leor go mba é an t-iománaí ab fhearr riamh – deich mbonn Uile Éireann- níos mó ná éinne eile – agus scata mór gradaim Allstar. Ach lasmuigh dá chuid éachtaí ar na páirceanna imeartha, bhí níos mó i gceist le Henry agus tugann an clár seo léargas ar dhaonnocht dhraoi na hiomána.

Mickey Harte mickey-harte

Bunaitheoir na peile comhaimsearthaí, deirtear, ré stairiúil mar dhuine dena bainisteoirí peile ab éifeachtaí, saol pearsanta buailte ag tragóidí agus ag dúnmharú uafásach a iníne. Dhein Mickey Harte a rud féin, le corr chonspóid, ach níl aon laghdú tagtha ar a phaisean ná ar a spiorad don saol agus don gCLG.

Laochra Gael TG4 9.30 i.n. gach Céadaoin ó 28ú Feabhra 2018

Leave a Reply