in

Sceideal an Fhómhair TG4 2017 Seolta

Nascadh, Nuascéalaíocht agus Neart Siamsaíochta.  Clársceideal an Fhómhair TG4 seolta i nGaillimh tráthnóna inniu.

Ag súil go mór le bheith ag féachaint ar an t-ábhar seo.  Breathnaíonn sé iontach!!

 

Ar na nithe is tarraingtí sa sceideal, tá drámaíocht nua-léirithe den scoth agus beidh na saothair nua ón scéim Cine4; sraitheanna faisnéise a thugann léargas nuálach ar ghnéithe folaithe de shaol reatha na hÉireann; sraitheanna agus láracha a thugann scéalta chun solais ón am atá caite, scoth an cheoil ón tír seo agus ó na náisiúin Cheilteacha eile, rogha iontach ábhair do dhaoine óga, spórt nach bhfaightear ar aon chainéal eile agus seirbhís nuachta éagsúil, géarchúiseach a thuigeann an pobal ar a bhfuil sí ag freastal.
Fíorasach: Sraitheanna agus cláracha aonair ar phearsain agus ar ghluaiseachtaí
suntasacha – ról CLG i gCúige Uladh, feachtas pobail Gaeltachta in aghaidh
neamhshuim na n-údarás, cuntas Spáinnigh ar a chuid eachtraí in Éirinn cheithre
chéad bliain ó shin agus éachtaí mná as Corcaigh a tharrtháil na céadta ón mbás
le linn na cogaíochta sa Spáinn agus sa bhFrainc 80 bliain ó shin.
Grace Harte: Dráma nua, trí pháirt, ó pheann Antoine Uí Fhlatharta, suite in
óstán ar an gcósta thiar. Ní mórán paisin atá fágtha sa gcaidreamh ag lánúin atá
i bhfeighil óstáin saoire agus tá an tóin ag titim as a ngnó freisin. Ach nuair a
thagann fear óg dathúil an bealach, tagann cor nua foréigneach sa scéal.
Níos mó na Cluiche: Scéal CLG Chúige Uladh á ríomh ón taobh istigh ag Jarlath
Burns. Ainneoin deacrachtaí móra polaitiúla agus eile, is léir gur bhláthaigh an
cumann agus gur fíoraíodh aisling na mbunaitheoirí, ní gan dua.
Gléasta chun Féasta: Ní furast do bhean feisteas oiriúnach a fháil do lá mór
ina saol. Tugann an tsraith seo, á láithriú ag Bláthnaid Treacy, cúnamh do
bhean gach seachtain, más cúnamh é. Cruthaítear trí fheisteas an-éagsúil go
speisialta di – ach níl cead aici ach ceann amháin a roghnú!
Celtic Connections: Scoth an cheoil ó na hoirifidigh is fearr ó na hoileáin seo –
agus níos faide ó bhaile agus iad bailithe le chéile i nGlaschú don fhéile mhór
Gheimhridh seo, á chur i láthair ag Dónal O’Connor.
Oireachtas na Samhna: An clúdach is fairsinge fós as Cill Airne, idir
bheochraoladh teilifíse agus Sheinnteora, ar imeachtaí ag Oireachtas na Samhna
2017. Beidh comórtais amhránaíochta agus damhsa sean-nóis ar fáil, Nuacht TG4
trí oíche den fhéile agus Lár Stáitse, an clár nua beo do scoth na n-iomaitheoirí
ardáin.
An Ríl Deal: An tóraíocht bhliantúil ar an rinceoir Gaelach is fearr sa tír. Tá turas
go Broadway ar fáil don bhuaiteoir agus seans dul chun cinn ansin.
Laochra Gael: Séasúr eile de chuimhní cinn agus ómós do mhór-imreoirí peile agus
iomána ón am atá caite. Cláracha an séasúr seo ar Henry Shefflin (Cill Chainnigh),
Lar Corbett (Tiobraid Árann), Aisling Thompson (Corcaigh), Mickey Harte (Tír
Eoghain) agus Graham Geraghty (An Mhí).
GAA Beo: Beochraoladh eisiach gach deireadh seachtaine ar Chluichí Ceannais
na hÉireann, Mionúir, Faoi 21, Craobhacha TG4 i bPeil na mBan, Cluichí Ceannais
Contae, Craobh Club AIB agus Sraitheanna Náisiúnta Allianz.
Daoine Óga: Cúla4 na nÓg – an zón laethúil do pháistí réamhscoile ag am
bricfeasta. San iarnóin Cúla4 ina bhfuil sraitheanna cartúin, drámaíochta agus eile,
ina measc na sraitheanna nua-léirithe Gaeilge Whiz sa Chistin, Is Eolaí Mé, agus
Na Dúlradóirí.
Rugbaí Beo: Beochraoladh eisiach ar chluichí sa gcomórtas nua sraithe an
Guinness Pro 14 agus buaicphointí ar gach lá imeartha ó Chorn na gCuradh agus
ón gCorn Dúshláin.
Nuacht TG4: Súil ar leith ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna. Déantar
clúdach ar leith ó chósta an iarthair, ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge
ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Is í an duais-chraoltóir Eimear Ní Chonaola
an t-ancaire.
Opry Dhoire: Réaltaí móra an cheoil tíre in Éirinn i mbun coirme. Beidh an rí féin,
Daniel O’Donnell ag cabhrú leo arís i mbliana agus amhránaithe Gaeilge ag
canadh ar an ardán leis na réaltaí ceol tíre.
Éire sna Nuachtscannáin: Roimh theacht na teilifíse, b’iad na nuachtscannáin an
t-aon fhoinse do nuacht ar scáileáin a bhí ag an lucht féachana in Éirinn. Is trí
shúile na n-eachtrannach is minice a taifeadadh iad seo – agus léiríonn an tsraith
seo go raibh súil eile de chineál eile acu-san ar mhuintir na tíre seo agus ar a
gcultúr.
Junior Eurovision: Arís agus Éire náirithe le blianta beaga sa gcomórtas sinsear,
tá TG4 ag cur chun páirce den dara bliain as a chéile sa gcomórtas sóisear
féachaint le hamhrán nua-chumtha Gaeilge a roghnú le go rachaidh an buaiteoir
chuig an gCraobh Eorpach a chraolfar beo as Poblacht na Seoirse.

 

What do you think?

50 points
Upvote Downvote

Total votes: 0

Upvotes: 0

Upvotes percentage: 0.000000%

Downvotes: 0

Downvotes percentage: 0.000000%

Leave a Reply

Imelda May ag canadh Amhrán na bhFiann riomh troid McGregor

An 10 Sheanfhocail Ghaeilge is fearr?